With Irish-language interfaces on popular social media services, and the advent of ‘fadas‘ in both the IE and IRISH domains, the Internet is friendlier than ever towards the language. As we celebrate ‘Seachtain na Gaeilge’, lets remember that every week can be Irish week.

Tá an tIdirlíon cáinte go láidir le déanaí – go h-áirithe an gné sóisialta a chuireann ar chumas an duine a rogha bréaga a léamh ó mhaidin go h-oíche, beag beann ar fhiricí. Ach tá bua ar leith ag an Idirlíon don té atá ag iarraidh an Ghaeilge a choimeád beo in a shaol. Is féidir leis an Idirlíon a bheith ina Ghaeltacht fíorúil.

Mar atá fíor sa ghnáth-shaol, braitheann an sórt Idirlín a fheiceann tú ar an gcomhluadar a roghnaíonn tú. Tá deis iontach ann le linn Sheachtain na Gaeilge, na haischlibeanna coitianta ar nós , ,  srl a leanúint ar Twitter, nó ar Facebook. Cuir aithne ar na Gaeilgeoirí, agus lean iad. Ní dhiúltóidh siad Gaeilge a labhairt nuair a bheidh an Fhéile thart!

Tá Gaeilge ar Instagram freisin, ag #SnaG17, agus tá feachtas deas Facebook ar siúl ag Raidió na Gaeltachta faoi láthair, leis an gclib #GnaG.

I mbliana, tá 16 Márta ainmnithe go speisialta mar Lá na Méan Sóisialta agus tá haischlib ar leith ann: #LNMS17.

Ach ní amháin gur féidir leat Gaeilge a usáid ag caint le daoine eile ar na meáin shóisialta – ach is féidir na seirbhisí sin a ghaelú chomh maith. Tá Facebook ag moladh do dhaoine triail a bhaint as an gcomhéadan Gaeilge ar a suíomh le linn Sheachtain na Gaeilge.

Anois Is Féidir Síntí Fada a chur ar Ainmneacha Fearainn

I mbliana tá céim shuntasach tógtha in usáid na Gaeilge ar an idirlín; ‘sé sin go bhfuil sé níos fusa ná riamh focail Ghaeilge a usáid in ainmneacha idirlín. Anuraidh glacadh le síntí fada sa bhfearann .IE don chéad uair, agus ó thús na míosa seo, tá siad ar fáil chomh maith leis an bhfearann nua .IRISH.

Anois, is féidir ainmneacha mar seo a chlárú (tá siad seo go léir ar fáil):

Dála an scéil, tá ainmneacha .IRISH ar sladmhargadh ag Blacknight faoi láthair: €1.99 don chéad bhliain má chláraíonn tú roimh 19 Márta!

Ach ‘sé an rud is tabhachtaí maidir leis an nGaeilge ar an idirlíon ná í usáid. Bíodh sé maith nó olc, tá cuid mhaith den saol á chaitheamh againn ar an idirlíon. Má tá an Ghaeilge le fanacht beo, is ann a chaithfidh sí maireachtaint – agus ní mhairfidh sí mura bhfuil daoine á labhairt, gach aon tseachtain den bhliain.

Search for your perfect domain name...