[We’re marking Seachtain na Gaeilge and St Patrick’s Day with an Irish-language edition of The Blacknight Podcast, reporting on the launch of Borradh, a new organisation for Irish-speakers in business which was launched in Dublin last week.]

Seoladh eagraíocht úrnua an tseachtain seo chaite: cumann do lucht gnó a bhfuil Gaeilge acu. Borradh an t-ainm atá air, agus bhí Blacknight i measc na gcomhlachtaí a bhí i láthair nuair a cuireadh chun seoil é.

Níos déanaí, chuir mé agallamh ar dhuine de bhunaitheoirí Borradh, Daithí de Buitléir, a labhair liom do Phodchraoladh Blacknight.

Cliceáil ar an seinnteoir thíos chun éisteacht leis an bpodchraoladh, nó íoslódáil anseo é: 11:48; 7MB; MP3.

 

Bhí breis agus 100 duine i láthair, agus bhí leathchéad eile ar an liosta feithimh dar le Daithí. Chomh maith leis sin, tá breis agus 200 chomhlacht a bhfuil spéis léirithe acu san eagraíocht nua.

200 chomhlacht! Ní ábhar iontais é sin do Dhaithí:

“Tá breis agus 30,000 duine i mBÁC faoi láthair a bhfuil Gaeilge acu, nó bhí Gaeilge líofa acu ag poinnte éigin ina saol agus tá an-chuid acu siúd ag obair i gcomhlachtaí móra, nó is leo comhlachtaí beaga agus is daoine iad a bhfuil an-thionchar acu ar a gcomhlachtaí féin, agus is daoine iad, is dócha, ar bhonn pearsanta, ar mhaith leo go mbeadh comhthéacsanna teanga ann dóibh. Is dócha, ar bhonn gnó, go n-aithníonn siad go bhfuil daoine cosúil leo amuigh ansin a bhfuil tionchar mór acu ar a ngnólachtaí féin, agus tá siad ag iarraidh foghlaim ó na daoine sin; tá siad ag iarraidh cabhrú leis na daoine sin agus tá siad ag iarraidh gnó a dhéanamh leis na daoine sin. Is dócha, deineann sé ciall ar bhonn pearsanta do dhaoine, ach deineann sé ciall gnó freisin agus tá sé sin an-chumhachtach nuair a chuireann tú an dá rud le chéile.”

Is eagraíocht ghnó í Borradh, a deir sé, agus ní eagraíocht Ghaeilge. Tá go leor eagraíochtaí sóisialta agus ciorcail chomhrá do lucht foghlama na teanga, ach feidhmeoidh Borradh mar líonra gnó, ar mhaithe le deiseanna gnó agus fiontraíochta a chothú i measc lucht labhartha na teanga i mBaile Átha Cliath.

An slua a d'fhreastail ar sheoladh Borradh i mBaile Átha Cliath

An slua a d’fhreastail ar sheoladh Borradh i mBaile Átha Cliath

Tá clár imeachtaí beartaithe ag Borradh: cruinniú bricfeasta gach mí agus ollchruinniú bliantúil chun mórcheist a phlé. Cuirfear daoine le chéile chun lón a chaitheamh, duine ar dhuine, uair sa mhí freisin.

Ar an 3 Aibreán a thionólfar an chéad bhricfeasta eile, agus pléifear ceist na h-uathoibríochta (Tá na Robots ag Teacht), le cainteoirí ó Ancestry.com, Amazon.com agus Sigmar Recruitment.

Tá tuilleadh eolais ag borradh.ie.

Search for your perfect domain name...