Tá Brí le Síntí Fada – Ba Chóir Dóibh a Bheith San Ainm Fearainn .IE

Seán vs. sean: Accented characters are important!

D’fhógair Michele ar an suíomh seo roinnt laethanta ó shin go bhfuil próiséas comhairliúcháin seolta ag IEDR, an clárlann d’ainmneacha fearainn .IE, i dtaobh an athrú polasaí atá beartaithe acu chun síntí fada a cheadú in ainmneacha fearainn.

Is cinnte go gcuirfidh Gaeilgeoirí fáilte roimhe seo – ach ba chóir go mbeadh áthas ar gach aon Éireannach faoi.

Sin é an tuairim atá ag Michele s’againne, príomhfheidhmeannach Blacknight. Ní labhrann sé féin Gaeilge, ach ní dheineann sé damhsa ar an sean-nós ach an oiread. Ach is Gael é, agus tá meas aige ar na gnéithe sin den gcultúr náisiúnta. Ní toisc dearcadh cúng a bheith aige, ach a mhalairt ghlan atá fíor. Labhrann sé ceithre theanga agus bíonn sé ag taisteal an domhain lena chuid oibre ar chúrsaí idirlín. Tá meas aige ar éagsúlacht na gcultúr eile, agus is dá bharr sin a thugann sé ómós dár n-oidhreacht féin.

“Fiú muna labhrann tú Gaeilge, níl aon éalú uaithi”, a deir sé i bpreas-ráiteas atá seolta inniu againn. “Tá sí sna logainmneacha, in ainmneacha comhlachtaí agus eagraíochtaí, i nathanna agus i bhfrásaí an Bhéarla atá againn”.

“Mar chomhlacht dúchasach Éireannach, tá Blacknight bródúil as an nGaeilge mar chuid bhunúsach de chultúr na tíre seo, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil an meas is cóir le taispeáint di ag an bhfearann náisiúnta”.

Tá an preas-ráiteas ar fad le léamh anseo thíos, agus tá tuilleadh eolais ar shuíomh IEDR faoin bpróiséas comhairliúcháin. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí suas go dtí an 21ú Márta, ach iad a sheoladh go dtí idn-consult@iedr.ie.

Ní Fada go mbeidh Síntí Fada in Ainmneacha Idirlín .IE

Próiséas Comhairliúcháin Oscailte ag Clárlann IE don Athrú Polasaí ar Charactair le Sínte Fada

Tá fhios ag gach aon Ghaeilgeoir nach nglacann an t-idirlíon le síntí fada, nach fíor?

Ní fíor, mar a tharlaíonn sé.

Go stairiúil bhí an ríomhaireacht bunaithe ar thacar na gcarachtar ar a dtugtar ‘American Standard Code for Information Interchange’, nó ASCII. Litreacha laidine gan aicinn atá sa tacar sin, siombail mhatamaitice agus poncaíochta; sin an méid. Níl ann ach 128 carachtar ar fad.

Ach tá an domhain fairsing agus tá éagsúlacht mhór teangacha agus aibítir ann. Tá forbairt ar an gcóras Unicode ó na nóchaidí i leith agus tá breis agus 120,000 carachtar sa chóras sin faoi láthair: carachtair Shíneacha agus Arabacha in a measc, mar aon le gach aon umlaut, tilde, grave agus circumflex atá in úsáid leis an aibítir laidineach.

De réir a chéile, le deich mbliana anuas, tá tacaíocht do na carachtair sin á chur i bhfeidhm i gcóras na n-ainmneacha fearann.

Anois tá fearann oifigiúil na hÉireann, .IE, ag ullmhú chun glacadh le síntí fada. Tá an t-athrú seo ag eascairt as moladh de chuid Choiste Comhairlithe Polasaí an IEDR (IE Domain Registry), grúpa le hionadaithe ón earnáil idirlín, idir chomhlachtaí príomháideacha agus eagraíochtaí rialtas.

Tá Michele Neylon ón gcomhlacht Blacknight ar an gCoiste Comhairlithe. Míníonn sé gurb é tabhacht na Gaeilge i gcultúr na hÉireann is bunús leis an dtogra seo.

“Níltear ag moladh go gcuirfidh IEDR tacaíocht ar fáil do gach aon charachtar idirnáisiúnta, ach is linne an Ghaeilge agus níl aon chiall le fearann ‘náisiúnta’ mura ndeineann sé freastal cuí ar an dteanga náisiúnta”, dúirt sé.

Aontaíonn Michal Boleslav Měchura leis an dtuairim sin. Is ríomhchláraitheoir é a oibríonn le suíomhanna idirlín ar nós focloir.ie agus tearma.ie, a chuireann áiseanna ar fáil do phobal na Gaeilge.

“Beidh spéis ann láithreach ag úinéirí suíomhanna Gaeilge go háirithe”, a deir sé.

Ach ní h-iad na Gaeilgeoirí amháin a chuirfidh fáilte roimhe seo, dar le Neylon.

“Fiú muna labhrann tú Gaeilge, níl aon éalú uaithi”, a deir sé. “Tá sí sna logainmneacha, in ainmneacha comhlachtaí agus eagraíochtaí, i nathanna agus i bhfrásaí an Bhéarla atá againn”.

“Mar chomhlacht dúchasach Éireannach, tá Blacknight bródúil as an nGaeilge mar chuid bhunúsach de chultúr na tíre seo, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil an meas is cóir le taispeáint di ag an bhfearann náisiúnta”.

An tseachtain seo chaite, sheol an IEDR próiseás comhairliúcháin phoiblí ar an gceist seo. Tá moltaí an choiste foilsithe acu, ina bhfuil cur síos ar an athrú polasaí agus faoin slí ina d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm. Chuirfí an t-athrú ar fáil i gcéimeanna. Moltar go mbeidh seans ag úinéirí trádmharcanna, mar shampla, a gcuid iarratas a chur isteach i dtosach, agus freisin go dtabharfaí tosaíocht dóibh siúd a bhfuil leagan den ainm gan síneadh fada cláraithe acu cheana féin.

Tá an t-eolas ar fad ar an suíomh idirlín iedr.ie agus is é an 21ú Márta an spriocdháta d’aighneachtaí faoin bproiséas comhairliúcháin. Meastar go bhfeádfaí tosú ar an bpolasaí nua a chur i bhfeidhm amach sa bhliain.

 

, , , , , , , , , ,

Comments are closed.